An Buachaillín Bán

Karan Casey

Compositor: Não Disponível

Ta mo chroí-se go tláth lag
'S i lár mo chuid saothair
Tagann lán tocht im chléibhse
Cé nár mhéin liom é rá
Tá an díbirt i ndán dom
Ó bháin bheannaibh Éireann
Is fánach mo shaolsa
'S is déarach mo chás

Is cuimhin liom an tráth
Úd a ghrá ghil na n-ae istigh
Thugas grá searc is géilleadh
Dod chaomh roisc thar chách
A Rí ghil na n-árann
Dob fhearr liom go n-éagfainn
I láthair mo ghaolta
Is mo bhuachaillín bán

Tá críoch Inis Failbhe
Go lán fad' i ndaor bhroid
Go cráite 's go céasta
I ngéibhinn na namhad
Nó an fíor nach foláir duit
Go brách bheith go déarach
A oileáinín bhig mhaorga
Na naomh is na mbard

Ó guímse go hard
Ar an Ard Athair Naofa
Chun ár agus léir-scrios
Do dhéanamh ar Sheán
Do dhíbir na táinte
Thar sáile 'na gcéandta
'S chuir fán orm féinig
Óm' bhuachaillín bán

©2003- 2024 lyrics.com.br · Aviso Legal · Política de Privacidade · Fale Conosco desenvolvido por Studio Sol Comunicação Digital